Lá Domhanda an Raidió Amaitéaraigh, Déagóirí faoi Strus, Skortaí
Listen now
Description
Do Lá Domhanda an Raidió Amaitéaraigh, labhraíonn Caoimhe le Storm Eaton-Kilgallen, léiritheoir raidió faoi oiliúint, agus le Conchúr Ó Faoláin, láithreoir Raidió na Life, faoi thábhacht an mheáin, go háirithe do chraoltóirí atá ag tosú amach ina ngairm. Cluineann muid moltaí an tsíciteiripeora Bronagh Starrs do dhéagóirí atá faoi strus agus aimsir na scrúdaithe ag teannadh linn. Tá feistis imreoirí Chamógaíochta faoi chabail fosta agus cinneadh déanta nach mbeidh cead ag imreoirí briste gairide a chaitheadh nuair is mian leo. Tá Rebecca Ní Dhonnaile agus Catríona Nic an tSaoir linn leis sin a phlé. For World Amateur Radio Day, Caoimhe chats to trainee radio producer Storm Eaton-Kilgallen and Raidió na Life presenter Conchúr Ó Faoláin about the medium’s importance - especially for broadcasters starting out on their careers. Psychotherapist Bronagh Starrs has advice on how best to support teenagers under stress as exam season approaches. Rebecca Ní Dhonnaile and Catríona Nic an tSaoir join us as Camogie players’ kit is under discussion, too as a decision has been made that players won’t be able to make their own decisions over wearing shorts or skorts.
More Episodes
Tá an cóitseálaí Michael Gerard Ó Dochartaigh linn le plé a dhéanamh ar an togra Silent Sideline de chuid CLG Uladh. Agus do Seachtain Mheabhairshláinte na Máithreacha, insíonn Maeve McAlister, a bhfuil triúr clainne aici, dúinn faoina taithí féin agus faoina thábhachtaí is atá sé aire a...
Published 05/03/24
Published 05/03/24
Mar a deir an seanfhocal: an áit a bhfuil do chroí, is ann a thabharfas do chosa thú, agus is fíor sin go cinnte maidir le Proinsias Ó Coinn, a bhfuil tuairisc aige dúinn ó Shliabh gCuillinn, áit a ndeachaigh sé ag spaisteoireacht mar chuid den mhionsraith Turas Úr. Fosta, cluineann muid ó...
Published 04/26/24