Episodes
Tá Áine, Sinéad agus Siún ag dul ar sos ar feadh seal mar go bhfuil Siún ag súil lena baé féin! Éist anseo leo ag caint faoi athruithe saoil agus an chaibidil nua seo.
Published 02/26/24
Published 02/26/24
Tá Sinéad, Áine agus Siún ag caint faoi na hathruithe atá ag teacht orthu, bíodh 'fhios go bhfuil siad uatha nó nach bhfuil!
Published 02/21/24
Bhí Beo ar Éigean i láthair ag Féile Tonnta i nGaillimh, féile nua dátheangach i gCathair na dTreabh. Labhair siad faoi Bhandia Bhríd agus faoi thábhacht an phobail, i measc go leor eile!
Published 02/12/24
Táimid ag dul siar ar bhóithrín na smaointe, bhí ábhair éagsúla idir chamáin againn le dhá mhí dhéag, ina measc brú dearfach, dul chun cinn, blaiseadh den gcomhrá faoi choincheap na fírinne sa lá atá inniu ann. Cad iad na bréaga beaga a insíonn muid dúinn féin agus an mbímíd ionraic linn féin, fiú?
Published 02/12/24
Labhair na BAÉs faoin teacht i láthair atá acu agus an tslí go gceapann siad go dtagann siad i láthair... an bhfuil an bearna mhór idir an dá rud?
Published 02/06/24
Tá na BAÉs ag caint faoi fhrustrachas agus an tslí a dtéann siad i ngleic leis an mothúchán ciotach seo.
Published 01/22/24
Tá Sinéad, Siún agus Áine ag caint faoi bhród, agus ár gcaidreamh casta leis an mothúchán áirithe seo.
Published 01/18/24
Féachann na BAÉs ar aghaidh ar a bhfuil rompu sa bhliain nua.
Published 01/11/24
Deir siad go bhfuil trí ní nach féidir a mhúineadh ach an bhfuil 'cop on' le cur againn ar an liosta sin againn?
Published 01/08/24
Cad iad focail na bliana do Shinéad, do Shinéad agus do Shiún agus conas a mhúnlaíonn an teanga a úsáideann muid an domhan ina maireann muid
Published 01/04/24
Tá Sinéad, Siún agus Áine ag caint faoi bhia an tseachtain seo, óna gcúlraí bia go cultúr an bhia atá foghlamtha acu go nuige seo, cuirfidh an t-eagrán seo ocras ort!
Published 12/11/23
An dtuigeann muid cén uair le slán a fhágáil le nithe agus daoine nach bhfuil ag cur lenár saol?
Published 11/20/23
Ó Wagatha Christie go branda Beckham, tá Áine, Sinéad agus Siún ag caint faoi thionchar na tréimhse seo orthu mar dhaoine.
Published 11/13/23
Tá Sinéad, Áine agus Siún ag caint faoi choincheap na fírinne, coincheap atá níos doiléire ná riamh.
Published 11/06/23
Tá Áine, Siún agus Sinéad ag caint faoina bhféiniúlachtaí ar eagrán na seachtaine seo, an tslí go ngléasann siad iad féin agus go bhfeiceann siad iad féin
Published 10/31/23
Labhair Sinéad, Áine agus Siún faoin lorg a d'fhág Rónán Mac Aodha Bhuí craoltóir agus cara, orthusan agus ar an saol trí chéile.
Published 10/23/23
Tá brionglóidí againn ar fad; bád a cheannach, bogadh go Nua-Eabhrach, cad a dhéanfadh Sinéad, Áine agus Siún mura mbeadh aon bhac orthu?
Published 10/02/23
Tá Beo ar Éigean ag caint faoi a bheith 'i láthair', fiú nuair nach bhfuil siad ar fónamh. Cad is brí le géilleadh do Shinéad, d'Áine nó do Shiún?
Published 09/11/23
Tá na BAÉs ag caint faoi bhrú ach brú atá dearfach, dul chun cinn agus faoi a bheith uaillmhianach.
Published 09/04/23
Cé mhéid mothúcháin a airíonn muid in aon lá amháin? An ionann mothúcháin agus smaointí agus cén chaoi a ndéanann muid idirdhealú eatarthu?
Published 08/28/23
An bhfuil muid ar fad iomaíoch ach nach scaoileann muid leis 'theacht amach? Pléann Siún, Sinéad agus Áine feith na hiomaíochta tríd an saol ar fad go dtí seo, ar Bheo ar Éigean.
Published 08/22/23
Cad a chuifeá in Seomra 101? Tá rudaí áirithe a chuireann Áine, Sinéad agus Siún soir, ó nithe neafaiseacha chuig na bratacha dearga tábhachtacha sin nach féidir linn neamhaird a dhéanamh orthu.
Published 08/14/23
Tá Beo ar Éigean ag caint faoi aontacht san eagrán seo, ach go háirithe faoin neart a bhraitheann muid nuair a thugann muid faoi dhúshlán le chéile seachas linn féin.
Published 08/08/23
Dá mbeadh na BAÉs ar oileán gan aon chomhluadar, cad a bheadh leo ó thaobh leabhar, scannán agus ceol de?
Published 07/10/23