Scoth na nuascríbhneoireachta Gaeilge a bheidh faoi chaibidil ar an ngné-chlár seo ina mbeidh tuairimí, léirmheasanna, agallaimh, dréachta nuafhilíochta agus nuaphróis le cloisteáil. Coinneofar súil ar imeachtaí na bhfoilsitheoirí, leis, gan trácht ar na heagarthóirí irise. Beidh suim ar leith ag an gclár i saothair na scríbhneoirí nua atá ag teacht chun cinn.