Is ceiliúradh atá sa tsraith nua Ó Cadhain i dTír Chonaill ar sheanchaithe, ar amhránaithe agus ar cheoltóirí Thír Chonaill. Taifeadtaí stairiúla a rinne Pádraig Ó Baoighill, as Rann na Feirste ó dhúchas, agus an scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain, as Conamara, i 1957 a bheidh sna cláracha agus beidh cuid de phearsana móra an cheantair le cloisteáil iontu, a bhformhór atá imithe anois ar shlí na fírinne.