Is páiste fiosrach é Rian ach b’fhearr leis a bheith ar a fhón ná ag iascaireacht lena athair. Ach nuair a bhuaileann sé le seanfhear cois abhann agus cloiseann sé scéal an Bhradáin Feasa, músclaíonn a chuid suime san iascaireacht. An éireoidh leis breith a bhradán feasa féin?
Published 03/10/23
Nuair a bhogann Neilí agus a mam ón gcathair go feirm Mhamó, ní mó ná sásta atá sí agus í sáinnithe faoin tuath. Ach an athróidh an scéal nuair a thagann “an t-arracht”, an beithíoch dearg, le linn na hoíche? Foghlaimeoidh sí rud beag faoin athrú agus gheobhaidh sí tuiscint nua ar an saol.
Published 03/10/23